Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Kilcoona, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile imtheacht as an ait. Choinnigh siad le chéile go maith agus h-éis seacht mbliadna tháinig siad ar-ais aríst nuair a bhí arm breagh laidir aca Chuir siad troid ar na Búrcaigh arí[st] agus h-éis catha fíochmhair fuair n[a] Sgirréid an bhuaidh. Bhí ar na Burchaigh imtheacht ar fad annsin agus chuaidh siad go Sasana. Nuair a d'imthigh siad dubhairt na Sgirréid go raibh an áit dubh le fuil agus sin é an fáth a fuair an baile an t-ainm Baile-an-Duibh.
Tamall ina dhiaidh sin thárla rud an-iongantach thart 'san áit céadna. Thuit bó agus tarbh beannuighthe anuas as an spéir agus tá lorg glúin an tairbh agus crúb na bó le feiceál fós ar chloich 'san áit ar thuit siad. Annsin chuaidh siad in éindigh le ba Sgirréid a bhí ar an bhfeilim ar feadh cúpla lá. Tháinig ceann de na ba faoí dhair agus dhair an tarbh í. Dimtigh an tarbh agus an bó bheannuighthe amach i Loch Coirrib agus bhí a gcuid adharc le feiceál ós cionn an uisge ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Comhdhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Luimnagh West, Co. Galway