School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)abhaile a amadán", adeir an gréasaidhe, "tháinig fhear mar sin chugamsa agus dubhairt sé liom a dhul go gáirdhín Rucaird de búrca agus go raibh sgeach éigin ag fás ann agus go raibh poca óir in-aice leis síos sa talamh. Chaidh Rucard abhaile agus chuaidh sé amach go dtí an sgeach maioin lár na bharach le sluasad is ní raibh acht dá phreab bainte aige nuair a chonnaic sé poca beag. bhain sé an claibín de agus bí se lán go béal le ór. Thuig sé isteach é agus áthas an domhain air. bhí rud eígin sgriobhtha ar an gclarbín nach raibh sé in-ann a léigheamh. bhí fear beag ag dul thart agus fear an fhóghlumtha do b'eadh é. Tháinig sé isteach chuig Rucard lá agus chonnaic sé an claibín. "Maise nach aisteach an rud atá sgríobhtha ar sin", adeir sé. "Céard é ' ? adeir Rucard. "Tá an taobh eile de'n sgeich chomh iongantach leis an taobh sin", adeir an fear. Níor dhubhairt Rucard tada ach maidin lá ar na(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Chuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway