School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leor sean-phaidreacha ag na daoine thart annseo. Nuair a dhéanas duine sreabhfair ba cheart di dhuine a rádh. "Dia agus Muire agus do shláinte leat"
Nuair a casta socraid ar dhuine ba cheart don dhuine a rádh "Beannacht Dé le n-a anam agus trí coiscéime do shiubhal indiaidh na comhrá. Tá sean-phaidir ag cuid de na daoinibh le rádh nuair a bhíos duine tinn agus muna rachadh duine amugha ins an bpaidir d'éireóchadh an duine tinn as agus dá dtéigheadh sé amugha ins an bpaidir do caillfidhe an duine. Tá sean-phaidir ag na daoine le rádh nuair a bhíos siad ag coigilt na teine. "Coigileann mise an teine seo mar choigil Críost cáidh, Muire in-a bun agus Brighid i n-a barr go gcoiglfidh mise an teine seo go teacht an lae"
Nuair a bhíos duine ag dul ar thuras deireann muinntir an tighe leis go dtugaidh Dia slán abhaile thú".- Collector
- Maoilsheachlann Ó Nuadhain
- Gender
- Male
- Address
- Droim na Gaoithe, Co. Galway
- Informant
- Seaghán Ó Nuadhain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Droim na Gaoithe, Co. Galway