School: Órán Mór (B) (roll number 4506)
- Location:
- Oranmore, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0340
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Órán Mór (B)
- XML Page 0340
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí tailliúir i dteach lá, agus bhí bean-a-tighe imthighthe go dtí an tobar.”
Bhí tailliúir i dteach lá, agus bhí bean-a-tighe imthighthe go dtí an tobar. Bhí an páisde sa gcliabháin agus bhí fiacla an-fhada aige. Dubhairt sé leis an tailliúir - nach n-aithnigheann tú mé agus dubhairt an tailliúir nár aithnigh. Ní páisde a bhí ann ach sídheog, agus dubhairt sé leis an táilliúir gan é sin d'innsint do'n mnaoi, agus dubhairt an táilliúir nach n-innseochadh sé é.
Cúpla lá in a dhiaidh sin, dubhairt an tailliúir leithe nach páisde a bhí sa gcliabháin acht sean-sidheóg agus é a caitheamh amach sa bfairrge. Bhí an sidheóg ag éisteacht leis sin. An lá in a dhiaidh sin thug an bhean an sidheóg go dtí an droichead agus bhí sé an-chiúin acht nuair a bhí an bean ghá caitheamh amach san uisge tosaigh sé ag sgreadaoil, acht bhí sé deireannach.(no title)
“Bhí Seáinín agus Seamuisín ag cumhdach an tighe lá amháin agus tháinig cailleach isteach.”
Bhí Seáinín agus Seamuisín ag cumhdach an tighe lá amháin agus tháinig cailleach isteach. D'fág sí a mála ag an(continues on next page)- Informant
- Maighread Bean Ní Sheacnasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Glennascaul, Co. Galway