School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cros-Bhóthar
- XML Page 0074
- XML “Gruagach na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gruagach na gCleas
Bhí Rí ann fadó is is fadó bhí is dhá mbeadh sé ann an uair sin ní bheadh sé ann anois. Bhí aon inghean amháin aige darab ainm di Gráinne. Nuair a bhí sí in-aois a pósta tháinig fear darab ainm Gruagadh na gcleas ar a tóir; níor mhaith leis an Rí an fear seo 's chuir sé Gráinne fé ghlas agus thug sé ordú do bheirt fhathach an áit do chosaint. Bhí go maith. Tháinig na h. éanlaith agus Rinne siad codladh ar an ngárda le na gcuid ceoil. Tháinig Gruagadh an bealach annsin agus scuab sé Gráinne chun bealai? leis. Chuala an Rí an scéal agus chuir sé an donn mac dubh-fhraoich agus dubh mac an dubh fraoich ina ndiaidh.
D' imthigheadar leo go dtáinig siad go dtí teach i lár coille í na raibh madra Ruadh na Coille léith. Dubhairt fear a' tighe leab gurab é an gruagach a bhí ann aréir agus iad abheadh ann anocht.
Ar maidin lá'r na bhárach. D'imthigh siad agus tháinig siad go dtí teach eile agus dubhradh an rud céadna leób.- Informant
- Micilín a Phreabaire
- Gender
- Male
- Address
- Kilgevrin, Co. Galway