School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon uair amháin bhí fear agus a bhean agus a dearbhrathair ina gchomhnuidhe in aon teach amháin. Phós an inghín fear dar b'ainm Tomás. Ní raibh siad i bhfad pósta nuair a chuaidh an tsean-bhean chuig an tobar i gcoinne canna uisge agus thosuigh sí ag chuimhnigh da mbeadh paiste sa teach go mbféidir go tuitfeadh sé isteach sa tobar.
Bhí an bhean óg ag cuimhniú go raibh sí an-fhada i gcoinne an uisge agus chuaidh sé in-a coinne. Fuair sé ag an tobar i agus bhí sé ag caoineadh agus d'fhiafruigh sí de'n tsean bhean céard a bhí bun ó's cionn agus dubhairt an tsean bhean da mbeadh páiste sa teach agus da gcuirfeadh sí ag an tobar i gcoinne uisge é agus dá dtuiteadh sé isteach bá mhór an sgéal é. Annsin dubhairt an bhean og go mhór an sgéal é agus thosuigh sí ag caoineadh freisin. Shíl an sean fear go raibh siad an-fhada amuigh agus cuaidh sé in-a gcoinne. Fuair sé iad ag an tobar agus iad ag caoineadh d'fhiafruigh sé díobh céard a bhí bun ó's cionn agus d'innis síad ann sgéal do agus chuir sé leobhtha. Annsin tháinig an fear óg anúas agus fuair sé annsin íad agus dúbhairt sé !"thríúr amadán bheith ag cuimhne ar leitheide de rud!" "Rachaidh mé anóis ag siubhal go mbeadh mo cosi amach thrídh mo bhrógaí(continues on next page)- Collector
- Miceál Mac Giolla Phádhraig
- Gender
- Male
- Address
- Carrownageeha, Co. Galway
- Informant
- Péadar Mac Giolla Phádraigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrownageeha, Co. Galway