School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0224
- XML “An Búrcach Óg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)airgid capall agus carbad agus buachaill agus níor stad sé go dtáinig sé chomh fada le Lonndain.
Bhí sé ag baint lan na súl as 'chuile shórt, ag siubhal thart shíos agus súas. Lá amháin go gairid taréis teacht ann dó bhí sé i n-a sheasamh ar droichead mór Lonndain ag féachaint síos uaidh núair a bualadh méar taobh thiar air.
D'fhéach sé thart. "Bhfuil obair uait?" arsa duine de'n bheirt a bhí ós a chomhair. "Níl," ars' an Búrcach óg, "acht fear posta mé dá bhfáigin[n] a leithide."
"An feidir leat a theacht linne?", ar siadsan, "agus déanfamuid Caiptín luinge dhíot."
"Níl a fhios agam go fóill," ar seisean. "Acht má thugainn sibh ceathar no cúig de huairibh dhom bheidh mé i n-ann freagradh a thabhairt daoibh."
"Bhéarfamuid spás ceathar nó cúig dhe huairibh dhuit", ar siadsan, "agus má thogruigheann tú rachfamuid leat go mbidh do chomhairle déanta agat."
"Déanfaidh sin", ar seisean. Chuadar leis gur ghlac sé comhairle leis an mbuachaill.(continues on next page)