School: An Cheapach (roll number 14508)
- Location:
- Cappagh, Co. Galway
- Teacher: Seosamh G. Ó Cléirigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Má shuidheann an cat agus a druim leis an teine creidtear go bhfuil aimsear fuar cruaidh ag teacht.
Má sgríobann an cat cosa an bhuird teasbáineann sé go bhfuil stoirm is gaoth láidir ag teacht.
Ní déantar maistreadh ariamh sa gCeapaigh gan splannc teineadh agus beagán salainn a chur faoin gcuinneóig. Má thagann duine isteach an fhaid is atá an maistreadh dá dhéanamh ní mór dó dreas a bhuladh air nó beidh amhras air gur mian leis an t-im a ghoid leis ón mbainne.
Ní féidir le h-aon duine an teach a fhágáil an fhaid is atá an maistreadh dá dhéanamh go háirithe má tá sé ag caitheamh tobac nó ag breith teineadh amach leis. Má tá duine de na comharsanaibh agus gan bainne aige agus má tá sé ag fághail bainne ó dhuine eile ní thugtar braon dó Lá Bealtaine ar eagla go n-imtheóchadh an ráth ime leis ar feadh na bliadhna sin. Más duine cóir cneasta é ní thiocfaidh sé ina choinne. Tiocfaidh sé an oidhche roimhe sin nó fanfaidh sé go dtí an lá ina dhiaidh sin.
Maidin Lae Bhealtaine más mian le duine an t-im a fhághail ó bhainne a chomharsan ní mór dó bearnain na mbó a shiúbhal roimh eirí gréine an fhaid is atá an drúcht ar an talamh, an méid críodh a bhíos(continues on next page)- Collector
- Seosamh G. Ó Cléirigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Ballygar, Co. Galway
- Informant
- Bean Uí Thormaigh
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Cappagh, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Tormaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cappagh, Co. Galway