School: Cill Éinne (Killina) (roll number 12818)

Location:
Killinny East, Co. Galway
Teacher:
Máire C. Ní Ghríobhtha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne (Killina)
  2. XML Page 0152
  3. XML “An Barra Fata”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair bhíos na gais ag borradh os cionn talmhan cuireann an feilmeóir cuid mhaith aoiligh amach ortha, agus déanann sé é do sgaradh ar na driollaí. Fágtar annsin é le h-aghaidh roinnt lá agus annsin dúntar na driollaí lé cheacht. Seo mar a déantar é:-
    Ceannuightear leasú agus bheirtear mala de chuig an ngort. Tosuigheann fear ag crathadh ar na driollaí an leasú seo, agus tagann fear eile in a dhiaidh; agus a chapall gabhtha fé’n gcéacht aige chin na driollaí a dhúnadh. Tar éis críoch a cur leis an obair seo déantar na driollaí a leagadh le cairt.
    I rith an t-Samhraidh fásann na gais suas go glas, agus ó ám go hám déantar fiadháile a ghlanadh asta ionnus go rachadh an t-aer isteach. I mí an Iúil déantar na fataí a spréidheamh sa gcaoi seo. Ceannuightear trí nó céithre púnt de cloich-ghuirm, agus measctar le an méid céadna sóid ngeacáin agus uisce é. Bíonn inneall ag cuid des na feilmeóiríbh leis an spréidheamh a dhéanamh, ach is le sguab fhraoich a dhéanann an cuid is mó díobh an obair. Líontar buicéad leis an spréidh, agus sáithtear an sguab fhraoich isteach ann. Craithtear an spréidh ar na gasaíbh annsin as an sguab fhraoich. Déanann an spréidh seo na fataí a choinneál slán ó’n ‘‘dubh’’.
    I ndeire an fhóghmhair tosuightear ar na fataí a bhaint. Gabhann an feilmeóir a chapall fé’n gceacht agus trabhann sé na driollaí. Téigheann sé ar a ghlúnaíbh annsin agus tosuigheann sé ag crúbadh sa gcaoi seo:-
    Géibheann sé píosa stáin agus cuireann sé lúb ur ionnus go mbíonn sé éasgaidh na fataí a iompuigh amach. Tagann na mná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Rálf
    Gender
    Female
    Address
    Cahercon, Co. Galway