School: Cill Éinne (Killina) (roll number 12818)

Location:
Killinny East, Co. Galway
Teacher:
Máire C. Ní Ghríobhtha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne (Killina)
  2. XML Page 0153
  3. XML “An Barra Fata”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    annsin agus cuireann siad na fataí beaga i bpoll amháin agus na fataí móra i bpoll eile tar éis iad a phiocadh go haireach. Bíonn na puill seo déanta ag an bhfeilmeóir chéanna. Déanann sé poll a romhar agus an creafóg a caitheamh ar gachtaobh de. Caithtear na fataí isteach annseo agus ar dtús ‘sé na gas a cuirtear mar clúdach ortha, ach i gcionn tamaill baintear iad seo dóibh agus is tuighe a cuirtear ortha, agus taobh amuigh de sin cuirtear clúdach mhaith de chréafóig.
    Ins an aimsear fadó dheineadh mná na háite seo stairs des na fataí. Ghéibhidís píosa stáin cruinn in-a mbíodh puill beaga agus scríobhfaidís na fataí ar seo go dtí go mbeidís in-a píosaí beaga. Annsin chuiridís na píosaí seo i gceirt agus bhrúghaidís an súgh amach. Dóirtidís braon beag uisge ar seo agus b’é sin an stairs.
    Tugtar ‘‘Epicutes,’’ ‘‘Airan Victors,’’ ‘‘Kerr Pinks,’’ agus ‘‘Bhampions’’ ar na fataí a fhásanns sa gceantar seo. ‘Sé na ‘‘Kerr Pinks’’ is fearr a fhásas annseo. Fásann ‘‘Hibernians’’ go maith freisin.
    Is minic a déantar arán de fataí san áit seo. Bruithtear na fataí ar dtús annsin cuirtear isteach i losad iad. Brúghann an bean-a-tighe iad le rollaer annsin go dtí go mbíonn sé in-a phúdar. Measctar é annsin le h-uisge, agus cuimiltear píosa íme isteach leis. Taréis é a fhuineadh go maith cuirtear an cáca in eidhean le bácadh. Ní chuirtear aon chlár ar an eidhean leis an gcáca seo a bhácáil.
    San aimsear fadó deintí arán de fataí dubha agus bhíodh sé go blasta. Scríobhaidís na fataí ar rud a dtugtar ‘‘grater’’ agus measctar le plúr iad. Dheinidís na cácaí seo do bhácáil ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Rálf
    Gender
    Female
    Address
    Cahercon, Co. Galway