School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuir Naomh Molaise cill ar bun dó féin san áit a bhfuil Lic Molaise nó "Church-Hill" air fá láthair. Ní fios cé h-é an Molaise seo nó an é a chuir an mhainistir ar bun ar Dhaimh-Inis i Loch Éirne. An fothrach teampaill atá ann fá láthair, níor tógadh é roimh an dómhadh aois déag agus fágann sin nach é an ceann a thóg Naomh Molaise é. Leic Molaise an t-ainm a bhí ar an teampall seo agus príomh-theampall an phobail a bhí ann nó gur tógadh "séipéal" i bPort Omna tar éis imtheacht na mBráthar as an mainistir i rith n h-ochtmhadh aoise déag.
Dar le béal oideas na háite mhill saighdiúirí Chromuil é sa mbliadain 1650 nuair a chuir siad fútha i gCailseán Phort Omna. Chuir dream aca fútha sa teampall seo agus tá lochán uisge i gcomhnuidhe in aice le fothrach an teampaill, áit a bhfághadh siad deoch i gcomhair a gcuid capall: "Poll na nDragún" atá ar an lochán seo ó shoin.(continues on next page)