School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0244
- XML “Cluain Fearta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ceann de na sgoltacht mainistreacha ba mhó cáil a bhí i sgoil na mainistre[ach] a bhí i GCluain Fearta. Naomh Breandán seadh a chuir ar bun í sa mbliadh[ain] 566, agus bhí sí ar siubhal anua[s] go dtí an 15mhadh aois. Bhíodh na m[ic?] léighinn ag tarraingt ann in-a gcéadta agus in-a mílte agus is minic a bhí suas le trí mhíle mac léighinn ann i gcuideachta.
Acht le linn do na Lochlannaigh a bheith ag creachadh na tíre cuireadh isteach go mór ar chúrsaibh an léighinn i gCluain Fearta. Thug na Lochlannaigh - ceann-phort darbh ainm Tuirghéis a bhí i gceannas ortha deirtear - cabhlach long aní[ ?] an tSionainn nó gur bhain sé Loch Ribh amach.
Chreach siad na mainistreacha ar 'caon tao[bh] de'n abhainn - Inis Cathaigh, Inis Cealltrai, Tír-Dhá-Ghlas, Lóthra, Cluain Fearta, agus(continues on next page)