School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lán eile isteach sa tSionainn.
Nuair a tháinig an Bhainríoghan Eilís i gcoróin Shasana chuir sí roimpi Ollsgoil a bhunú i gCluain Fearta. Baineadh an t-Árd-Teampall de na Caitlicigh roimhe sin, in-aimsir an ochtmhadh Hannraoi, acht níor thréig na Caitlicigh a bpríomh-theampall. Acht chuir Eilís an ruaig ortha ní hé amháin as a bpríomh-theampall acht as a gcuid talmhan agus chuir an creideamh Gallda ar siubhal áit a bhfuil sé ar siubhal fós cé gur beag an dream atá ag tarraingt ar an áit fá láthair.
Is iomdha cor a chuir an saoghal de ó do bhailigh Breandán Naomhtha sgoláirí thar timcheall air ar dtúis i sgoil mhóir Chluana Fearta, cois na Sionainne Móire ar imeall fearainn claidhimh Ó Máine, an dúithche do bheannuigh Colm Cille. Is iomdha cliú a bhí ar dhaltaibh na sgoile sin - ó Bhreandán féin a thaisdeal Éire agus Innse Gall.(continues on next page)