School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0253
- XML “Réamonn De Búrca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa mbliadhain 1583 bhí Seán de Búrca in a chomhnuidhe sa gcaisleán i Liath-druim agus bhí leas dearbhráthair aige darbh ainm Uilleog. Bhí an bheirt acu ag aighneas fá'n Iarlacht agus fágadh reidhteach na ceiste ar bhreitheamhnas Malbay - Sasanach a bhí ag creachadh Connacht an tráth sin. agus sé an breitheamhnas a thug sé uaidh -Uilleog a bheith in a Iarla ar Chloinn Riocaird ar fad agus Seán a bheith in-a thighearna ar Bharúntacht Liathdroma. Acht ní raibh Uilleog sásta leis an socrúghadh seo agus cheap sé bealach eile leis an gceist a réidhteach ar mhaithe leis féin.
I rith na bliadhna thug sé cuairt ar Sheán sa gcaisleán i Liathdroma agus i lár na hoidhche chuir sé sleagh tré chroidhe a dhreathár agus lá'r na bhárach chuir sé clann Sheáin le fuacht is le fán. Duine de'n chlann sin a b'eadh Réamonn De Búrca a tháinig go mór i gceist sa gcogadh(continues on next page)