School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0332
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Má thuiteann sgian ar an urlár a comhartha é sin go bhfuil fear at teacht ar chuairt chugat agus má thógann duine eile as an urlár í is comhartha é sin go mbéidh duine ag teacht agus go gcuirfea[r?] in aithne dhuit é. Má thógann tú féin as an urlár í is cinnte go mbéidh díombáidh ort roimh tuitim na h-oidhche.
Má tuiteann gabhlóg ar an urlár is comhartha é sin go bhfuil bean ag teacht ar chuairt chugat.Má tá bean-an-tighe ag déanamh maistreach, ní mór do gach duine a thaganns isteach nó a ghabhas thart dreas a thabhairt. Muna ndhéanann sé sin ní thiocfaidh an t-im san mbainne chor-ar-bith -- is cuma cáide a bhéas an bhean bhocht ghá bhuaileadh.(continues on next page)