School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Rinne sé droichead dhó.
Cuir i gcás go raibh bainis i dteach agus gur tugadh cuireadh do na comúrsanna ar fad acht aon duine amháin, d'féadfa a rádh annsin go ndearnadh droichead de'n duine sin. Sin gur fágadh gan cuireadh é.2. An fáid a bhéas Peadar i gcathaoir
Sin go deo. Naomh Peadar atá i gceist is dóigh, agus a chomharba sa Róimh.3. Dhéanfadh sé suas na réalta
Sin duine a dhéanfadh rud ar bith, dar leis féin. Dhéanfadh sé cat is dá dhrioball dhuit a dhuine!4. Ná déan plaicín gabhair dhe.
Dá mbéadh féasta ar an mbord acht gan mórán a bheith ann agus go n-íosfadh duine amháin é, déarfá sin leis.(continues on next page)