School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)
- Location:
- Castledaly, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Croithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleán Uí Dhálaigh
- XML Page 0014
- XML “Naomh Colmán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí go leór naomh sa gceanntar seo fadó, acht an ceann is mó a bhfuil eolas againn faoí, sin naomh Colmán Mac Duaigh. Rugadh é í bparáiste Cilltartain. Rioghnach d'arb ainm a mhathair. Síolraidh sí ó Dhathaí árd rí Éireann. Colmán, athair Gúaire a bhí mar rígh ar Chonnacht an tamh sin. Chualadh sé go mbeadh mac Ríoghnaigh go h-ionghantach agus go cáileamhail agus mar sin de bhí sé lé díoghmháil a dhéanamh da Ríoghnach agus dá mac. Theith sise acht leanadh í, ceangluigheadh cloch ar a muinéal agus caitheadh isteach í abhainn í gCilltartan í. Sábhaluigheadh go míorbhuilteach í agus rugadh a mac, d'fág sí an leanbh ar an dtalamh inaice crann tuinnseóga atá san áit. Ní raibh aoinne leis an leanbh a bhaisteadh, acht tharéis tamaill thánaic beirt mhanach duine aca bacach agus duine aca dall. Ní raibh uisge san áit acht díarr síád cabhar Dé agus thánaic an t-uisge suas san áit a bhfuil an tobar anois. Bhaist síad an leanbh agus nigh síad íad féin san uisge agus thánaic leigheas ortha. Coinnigh siad é gur d'fás sé suas. Nuair a raibh sé ina fhear thóg sé Cill Mhic Duaigh.(continues on next page)
- Collector
- Peigí Nic Aodhagáin
- Gender
- Female