School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0010
- XML “Cromail an Caibléara Bróg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bán leis go mb’fhéidir go dtiocfadh sé san saoghal fós go dtógfidhe an talamh uaidh muinntir na h-Éireann. “Cén chaoi thógfaidhe an talamh nó cé thógfad é”. adeir an feilméa[ra.] Tógfaidh fear an talamh seo ó na feilméaraí agus sé an t-ainm atá ar ná Cromail. I Sasana atá comhnuidhe air. “Meastú a dtóigfeadh sé mo chuid talmhan-sa” adeir an feilméar. “Tóigfeadh sé gach talamh” adeir an Bráthair Bán. “Téirig go Sasana” adeir an Bráthair leis an bhfeilméara agus leig ort féin go dtáinig tú ag iarraidh do bhróg a dheasú, mar is Caibiléara bróg é an fear seo Cromail. Gheobhfaidh tú ag imirt pinghneacha é taobh amuigh dhá theach féin tráthnóna. Nuair a bheas bróg amháin deasuighthe aige iarr air an bhróg eile a dheasughadh agus nuair a bheas siad réidh iarr air páipéar sighnáilte a thabhairt dhuit”.
Ghlac an feilméara buidheachas leis an mBráthair agus dubhairt sé go ndéanfadh sé a chomhairle. D’imtigh leis an bhfeilméara go Sasana agus bhí sé ag imtheacht ariamh ariamh [!] nó gur casadh Cromail dhó agus bhí sé ag imirt pinghneacha taobh amuigh dhá theach féin. Bheannuigheadar dhá chéile agus tar éis tamaill cómhrádh a bheith eatortha d’iarr an feilméara air a bhróg a dheasú. Chuadar isteach ins an teach agus dheasuigh(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cladhnach, Co. Galway