School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0045
- XML “Diarmuid Súgach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dinnis Diarmuid mar d'eirigh leis í thabhairt ó'n tsluagh sidhe. "Tá sé in am againn dul abhaile go dtí teach m'athar anois". Dimthigheadar leó agus dtáinig siad go Cúige Laighean. Chuir Diarmuid sgéala ag an Rí go raibh a inghean féin ag teacht. Chuir an Rí teachtaire leis an eólus a dhéanamh dóibh. D'innsigheadar an sgéal ó thús go deireadh don Rí. "Muise" ar seisean "is leat m'inghean". "A Rí is a Thighearna" arsa Diarmuid. "Ní cóir fuil Ríoghamhail a mheasgadh lé fuil bhodaigh". Ní mar sin a bhéas" arsa an Rí "má tá m'inghean sásta." Sin é a raibh ón inghean agus thug sí a toil le'm é a phósadh. Bhí bainis seacht lá agus seacht n'oidhche ag mór uaisle agus ag beag uaisle na Cúige. Thug Diarmuid a chéile go Connamara agus tá daoine ann indhiú gur ón mbunadh sin iad agus go bhfuil fuil Rí Laighean ag ritheacht ionnta.
- Informant
- Pádraig Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 28
- Occupation
- Mac feirmeora
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway