Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0084
- XML “An Gníomh ba Ghaisciúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Dá mba croidhe cloiche a bheadh agat, nach raibh fhios agat go mba cheart é shábháilt. Rinne tú an rud ceart acht ní dheárna tú go gaisgeamhail". Ní gheobhaidh tusa an chloch luachmhar."
Annsin labhair an tríomhadh mac agus thosuigh air ag innseacht a sgéil. "Bhí mise lá ag spaisteóireacht tré choill mhór. B'fhacas dom gur airigh mé gnusacht i ngar dhom. Céard a bheadh ann acht mo námhad na chodhladh ar an bhféar agus leómhan ag dul dhá ithe. Tharraing mé mo chlaidheamh [agus?] mharbhuigh mé an leómhan. Marach sin bhead mo námhad marbh ag an leómhan".
"Ó" arsa an t-athair "rinne tusa an rud ceart agus an gníomh gaisgeamhai[l.] Is leat an chloch luachmhar seo dhuit í agus mo bheannacht". Bhí an-áthas ar an mac a b'óige agus ghlac sé buidheachas mór leis an athair.- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Conghaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. Galway