School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0126
- XML “Madra Rua na Coille Glaise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a iarraidh gheobhfadh sé é sin. Thug sé cead do na h-ingheanacha a dhul in gach seomra acht ins an seomra seo. Lá amáin chuaidh sé ag fiadhach agus níor chuimnigh sé an ghlas a chur ar an seomra a raibh an chathaoir seo innte.
Nuair a fuair na h-ingheanacha imthighthe é chuaidh siad isteach ins an seomra seo. Shuidh an inghean ba shine ins an gcathaoir agus d'iarr sé [!] ar mhac Rí an Domhain Thoir a theacht agus é dá h-iarraidh agus é dhá fágháil lé pósadh. Shuidh an darna h-inghean ins an gcathaoir agus d'iarr sí ar mhac Rí an Domhain Thiar a theacht aca dhá h-iarraidh agus é dá fhágháil. Dubhairt siad leis an triomhadh inghean suidhe ins an gcathaoir agus dubhairt sise nach suidhfead agus dubhairt an bheirt eile léi go marbóchaidís í mar a shuidhfead sí ins an gcathaoir mar go bé an chaoi a raibh sí ag dul ag innseacht dhá h-athair orra féin agus annsin go mbeadh sé le n-innseacht ar an triúr aca.
Shuidh sí ins an gcathaoir agus sé an impighe a d'iarr sí ná mada Ruadh na Coille Glaise a theacht(continues on next page)- Informant
- Máirtín Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Baile Láir, Co. Galway