School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0144
- XML “Seanscoil a bhí i Rosabhíl”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Scoil a bhí i Rosabhíl.Tá cró ag Beartla Ó Cinnéide i Rosabhil, agus is annsin a bhí sgoil fadó. Bhí fear in a chomhnuidhe sa gcró roimhe sin agus sé an t-ainm a bhí air ná Stiophán De Búrca. Bhí an sgoil an-bheag agus is amuigh ar an gcnocán is mó a bhíodh na ranganna aca. Tá daoine beó i Rosabhíl fós a chuaidh chuig an scoil sin.
Sé an t-ainm a bhí ar an máighistir a bhí ann ná Conn Ó Donnchadha agus do réir mar chuala mé bhí sé sáthach olc. Ní raibh aon chead ag na páistí aon fhocal Gaedhilge a labhairt ag an sgoil ná ag baile agus sé an dlíghe a bhí ag an máighistir gheobhfadh sé clár agus chuirfeadh sé ruadhóg air agus nuair a bhíodh na páistí ag dul abhaile tráthnóna chuirfeadh sé an clár faoi 'na muinnéal agus bhí fógra tugtha dá muinntir dá labhróchadh na páistí aon Ghaedhilge(continues on next page)- Informant
- Padhraic Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 29
- Address
- Barrusheen, Co. Galway