School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0153
- XML “An Tobairín Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhóthar acht móta. Tá cúpla leac mhór ós cionn an tobair agus ar na leaca sin tá go leór rudaí leagtha. Duine ar bith a thiubhradh turas ann d'fhágfadh sé rud éigin ann i gcuimhne ar an turas sin. Amach ar aghaidh an tobair tá Crois bheag adhmaid. Tá breibh agus blátha ag fás ins an áit bhig atá ós cómhair an tobair freisin.
Seo é an chaoi a dtugann na daoine an turas. Thiubhradh siad leo seacht gclocha beaga as an mbóthar i dtosach. Ghabhfaidís thart timceall annsin seacht n-uaire ar an tobar. Gach uair chaithfidís cloch amháin ar an leac. Sé an fáth a bhfuigídís na clocha ná nuair a bheadh na seacht gclocha caitthe aca bheadh fhios aca go mbeadh an turas tugtha agus bheadh sé sin níos éasga dóibh ná a bheith dá gcómhaireamh ar a gcuid méaracha agus baoghal freisin go ngabhfaidís amugha an fhaid is a bheadh siad ag déanamh an turais bhéidís ag rádh a gcuid páidreacha go cráibhteach. Annsin nuair a bheadh an turas tugtha thiubhradh siad leó buidéal beag den uisge agus cuid den na breibh(continues on next page)- Informant
- Úna Ní Conghaola
- Gender
- Female
- Age
- 17
- Address
- Doire an Fhéich, Co. Galway