School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0154
- XML “An Tobairín Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fhágfaidís ribín nó rud éigin ar an leac i gcuimhne ar an turas sin. Is rí-chorr uair a thugtar turas anois acht fadó bhíodh go leór dá dhéanamh. Tá sé ráidhte go bhfuil leigheas ann.
Deireann na sean daoine linn gur b'sheo é an fáth a bhfuil an tobar beannuighthe. Nuair a bhí Naomh Pádhraic ar a bhealach amach go Mám Éin shuidh sé síos annseo agus leig sé a sgíth ann. Nuair a bhí a sgíth leigthe aige. Thóig sé an tobar sin agus bheannuigh sé é. Níl siad cinnte cé a chuir an chrois adhmaid ann. Nuair a bhí an méid sin déanta aige lean sé dhá aistir fada. Sin é an fáth a bhfuil sé beannuighthe agus nach mór an truagh nach dtiubhradh duine an tsaoghail seo níos mó onóir agus omós dó ná mar a thugann. Tá sé ráidthe gur leigheas sé go leór daoine fadó. Is iomdha duine a raibh rudaí ar a mhéaracha agus a lámha agus a leigheas sé iad.
Ar an taobh eile de'n bhóthar agus ar aghaidh an tobair tá loch(continues on next page)- Informant
- Úna Ní Conghaola
- Gender
- Female
- Age
- 17
- Address
- Doire an Fhéich, Co. Galway