Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ins na Doireadh agus dubhairt siad "Tá do mháilín agat indiu a Bhuachaillín". "Tá" arsa Buachaillín. Acht rinneadh an mála spiadóireacht air mar fríothadh amach nach raibh Buachaillín ag iarraidh an min-bhuidhe chor ar bith. Thóg na Póilí Buachaillín acht ba ghearr gur éaluigh sé uatha agus níor fríothadh táisg ná tuairisg air ó shoin. Tá lorg na fola ar na clocha agus ar na sgraitheacha atá timcheall ar an áit a mharbhuigh Buachaillín an buachaill beag.
Bhí teach eile i gClaidhneach a raibh sugha-feóla dá roinnt amach ar na daoine acht ní bhfuigheadh aoinne é mara dtiúbhraidís leo a gclann ar fad. Bhíodh na daoine ag tabhairt a gclann leo go dtí an teach seo ar chaiple agus an té nach raibh capall aca bhíodh orra iad a thabhairt leo i gcléibhte ar a ndruim.
Cailleadh fear eile as na Doireadh leis an ocras in Aimsir an Ghorta agus cuireadh é in Uachtar Árd mar nach raibh aon roilig níos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Beartla Ó Conghaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Na Doiriú Theas, Co. Galway