School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0240
- XML “An Pota Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i gConamara fadó agus oidhche amháin tháinig neach aige agus é na chodladh agus séard a dubhairt an neach leis a ghabháil go dtí droichead áithrid i Luimneach agus go bhfuigheadh sé pota óir ann.
Maidin lá ar na bhárach d'imthigh leis go dtí droicheadh Luimnighe. Bhí sé ag siubhal ar an droichead go raibh a chosa caithte. Faoí dheire chas fear dó ar an droichead. "Ó," adeir an fear, cé'n sórt amadán thusa a chaith do chosa ag súil leis an bpota óir sin? Chaith mise Earrach mór fada annsin ag iarraidh an phota sin agus ní bhfuair mé é. "Bhí sin ceart go leór; níor chaill fear Chonnamara a mhisneach. Is gearr gur chas sean-bhróg ar an droichead dó agus bhí páipéirín innte agus séard a bhí sgríobhtha ar an bpáipéirín: "Gabh go dtí do theach fhéin agus cúpla coiscéim ó do dhoras tá leic chruinn ann agus tóig an leic sin, tá pota óir fúithi agus tabhair leat é." Thóig an fear leis an puta agus an leic. Bhíodh muinntir an tighe ag déanamh úsáide don leic. An lá seo bhí sgoláire bocht ag dul thart agus chonnaic sé an leic, bhí rud sgríobhtha uirthi agus ní raibh mórán indon é léigheadh. Léigh an sgoláire an rud a bhí ar an leic. 'Séard a bhí ar an leic, "Ní feárr an taobh seo do'n chlaidhe ná an taobh eile." Nuair a chuala an fear é sin chuaidh sé amach agus thóig sé leic eile agus fuair sé pota eile óir.- Collector
- Seán S. Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cúláin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway