School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0421
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Samhlaoid agus Comharthaidheacht.
Éamonn Ó Finneadha d'innis.
Tadhg Ó Séaghdha do scríobh síos uaidh, samhradh na bliadhna 1929.
Comhnuigheann Éamonn i dteach an phosta sa lochán beag, Indreabhán.
Tá go leór seanchasa aige i dtaobh na sean-aimsire, ach tá sé ag eirighe sean anois agus tá na fiacla caillte aige agus níl sé an-éasgaidh é thuiscint mara mbeidhtheá 'na chleachtadh. Ó'n bhfigheadóir, de mhuinntir breathnuigh, (vide Peadar Chois Farrge) agus ó chomhradaí an fhigheadóra agus na sean-iondúirí bhí i mbaile an Tighe Móir agus sa lochán beag le linn dó féin agus do Pheadar 'ac Cúláin a bheith ag tigheacht suas 'seadh fuair Éamonn a bhfuil de bhéal-oideas aige. Tá sé ag lonnú san áit a bhfuil sé ón óige. Tá sé anois ag teannadh isteach le ceithre sgóin.Triúr dearbhráthar agus deirbhriúr a bhí ann agus tháinic fear agus thug sé leis an deirbhriúr. Faoi cheann bliadhna d'imthigh an driotháir is sine ar a thóraidheacht. Tháinic sé isteach sa teach a raibh sí ann agus bhí raca aici a'réidhtheach a cloiginn nuair a tháinic sé. Chuir sé coirt ar an mbean i dtaobh a fir.
-"Ní fiafraighim dó cá dtéigheann sé," adeiran bhean.
"Tagann sé chuile oidhche is a naipcín póca 'sé reóidhte le fuil. Sé'n obair a bhíos agam é sin a nigheachán agus é bheith tirm faoi n-a chomhair ar maidin."
Is gearr go gcuala sé ceól. Dubht sise - "Tá an ceól sin ag tigheacht ar an tsráid againn." 'Séar'd a bhí ann ná beithigh bainne agus an ceol 'na gcuid adharca.(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Informant
- Eamonn Ó Finneadha
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway