School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 177
- XML “Ag Déanamh Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I gcuinneóig déantar máistre.
Cuirtear an t-úachtar isteach inntí agus luithne le na bhualadh. Cuideochadh an teas leis an máistre a dhéanamh, sin é fáth a gcuirtí na splancracha faoi an gcuinneóig agus ní le pisreóga. Nuair tá an t-im cruinnighthe ar úachtar an bháinne tóigtear as an mbláthaigh é, níghtear é, cuirtear salann air agus déantar rollaí de.
Ma thagann duine isteach nuair tá máistre 'ghá dhéanamh cuireann sé a lamh ar an luithne ionnus nach ndéarfaidhe gur thug sé an t-im leis ó'n mbainne. Uair sa t-seachtmhain déantar an máistre. Bean a 'tighe a dhéanann é de gnáth. Cuid de na daoine nuair tádar ag glánadh an cuinneóig cuireann siad clochaí deasa as an gcladaigh sa teine agus nuair tádar dearg cuireann siad sa gcuinneóig iad le bolladh deas do chuir air.
Is éasgaidh máistre a dhéanamh sa samhradh acht ní mór uisge te a chur ann sa ngeimhreadh le é a dhéanamh.- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Cáit Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 43
- Address
- Scrahallia, Co. Galway