Scoil: Ballinafad
- Suíomh:
- Ballinafad, Co. Galway
- Múinteoir: Mrs Ruane
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballinafad
- XML Leathanach 204
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(Diodh) Chuile dhuine a bhíodh ina comhnuidhe fadhó bhí ortha an méidh beatha a ithidhis a thabhairt tré portaigh agus tré aibhneacha gan bróg ná stoca.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag teacht o Ghaillimh le mála plúir agus bhí sé ag deanamh aithghiorra treasna na sléibhte agus sé ag cur sneachta agus níor fhéadh sé a bhealach a dhéanamh abhaile agus tháinig an fuacht millteach sin air.
Tuith sé as a sheasam agus nior éirigh sé go bfuair sé bás.
Oidhche na taoille móire tháínig sé isteach ins na tighthibh agus bhí dhá doras ortha agus bhí sé ag teacht isteach i ndoras amháin agus ag dul amach san doras éile agus béighin do na daoine imteachth astú.
Nuair a bhiodh fataí agus rudaí mar sin curtha acha bhiodh beithidhig amuigh ar an sliabh acha agus beidhir sa meadhon oidhche go dtiocfadh siadh sin isteach agus an chéad áith a rachaidís ná isteach ins na fataí, caitheadh muinntir an tighe éirigh annsin agus íad a cur amach(leanann ar an chéad leathanach eile)