School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 110
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aill atá amuigh ar an gcnoc agus bhíodh daoine ag léigint a sgeath uirtí nuair a bhíodh siad ag teacht o'n gcnoc
Tobar an Ifreanán
Tobar atá ar oilean amach ar aighead na h-Áirdemóire agus tá leigheas ann le h-aghaidh dotacaí fiacal. Is é Naomh Bíarnan a thainig go dtí an t-oileán agus rinne sé tobar ann.
Cnoc Mórdan
Cnoc é sin atá toir ag Cóillsaile agus sé an fáth a tugad Cnoc Mórdan air mar gheall go raibh taibhse le feiceal ann agus tugadh Cnoc Mórdan air annsin.
Clocar na Sidheoga
Clochar atá thios ag an fairrge agus tá é lán le sideoga. Bhíodh ceol agus damhsa le cloisteail ann ins an oidhche.
Cairrig an cóisméig
Cairrig atá thíos ag an bhfairrge agus tá cairrig eile tuairms fiche slát uaidh agus cait sagart a léimh idir an dhá cairrig agus tugadh cairrig an cóisméig uirthí annsin.
Leabhadh Dhiarmúid
Sé an fát a tughadh leabadh Diarmúid(continues on next page)