School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 137
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fear leis gan iad a bathadh san bhfairrge acht iad do caiteamh san tobar. Cuaidh sé go dtí an tobhar agus chait sé ann iad. Agus chuaid sé ag breatnughadh orta lá na bháirneach agus ní raibh siad san tobar agus is uata sin a fuair an tobar sin tobhar na seacht n-igean agus déirtear peirbh donnacha a bead ar an seachtad ingean gur bhfuil leigeas le fagáil aichi ann agus turas maith a déanamh ann
- Tá tobar beannuighthe toir i Ail na Bron ar an tugtar tobar Muire air. Sé an caoí a fuair sé an t-ainm sin. Bhí sagart in a gcomnuidhe i Ail na Bron agus la amáin connaic sé na daoine ag tobhairt túras ann agus d'firr sé doib ce'n fath a raibh siad ag tobhairt túras ag an tobar sin, agus dubhairt siad go raibh sé sin beannuighthe. D'firr sé doib an raibh fhíos aca ce'n caoí a raibh an tobar sin beannuighthe agus dubhairt siadh nach raibh fios aca. Annsin dubhairt an sagart leobh an cloch mór a bhí ós cionn an tobhar a caitheadh amach san bfairrge agus dhá mbéadh an tobar beannuighthe go mbéadh an cloc ar mullach an tobhar an maidin agus ar maidin bhí an cloc ar mullac an tobhar arist. Sin é an caoí atá an tobhar sin beannuighthe. Deir na sean daoine gur iad na laethe is fearr túras a tabhairt air an tobar na dia luain agus dia domhnaigh. Seo é an caoí a tughtar an túras faghann siad seacht cloca beaga agus gach uair(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Maolain
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway