School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 289
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 289
- XML “Caitheamh Aimsire”
- XML “Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mullach a céile agus ag éirge faoi an maide. Bíonn an spóirt aca ag imirt na gcluicí sin go léir. Bhíonn go leor cluicí dhá n-imirt acha. Bhíonn na cailiní ag cardáil agus ag sníomh agus ag d'átachán san oidhche agus bhíonn go leor cluicí dhá n-imirt acha san oidhche. Sin iad na cluicí a bíos dhá dheanamh aca timcheall na h-áite seo agus an caiteadh aimsire.
- Seo cluice atá ag na cailíní timcheall na h-áite seo. Chruinneann go leór díob le chéile in áit amháin. Bíonn siad ag déanamh geataí árda. Ar dtús beireann siad ar lámha a chéile agus déanann siad fáinne. Fanann duine amháin agus téigheann sí timcheall ar na cailíní eile agus cómharann sí suas go dtí fiche agus an té a thuigeadh fiche air ritheadh sé ar an duine a chomhar. Chrochann na daoine eile suas a lámha agus iad a raidh geataí árda nó go bhfuighe an bheirt eile griam ar a chéile. An bheirt a bhíonn ag rith bíonn siad ag rith faoí lámha na cailíní eile mar bíonn a lámha crochta aca. Annsin teigheann an duine a chomhar isteach san rang. Ann sin geobhadh an duine eile timcheall ar an rang agus comrann sé suas go dtí fiche arís. Bíonn siad ag déanamh cleasanna nuair a bhíonn siad dhá dhéanamh. Seasann an duine a bhíonn ag cómhradh agus comrann sé ina intín féin inos go dtiocfidh fiche ar an duine is fearr leis féin. Annsin béidh an bheirt ag buaileadh a chéile i gcomnaidhe(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Cheannabháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway