School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá dá raibh Fionn ag siubhal amach casadh sean bhean dhó. D'fhiafruigh sí dhe an imróchadh sé cluiche cártaí. 'Níor thug mé mo chuid cártaí liom indiu', a deir Fionn. 'Níor fhág mise mo bhaile féin a deir an t-sean bhean gan mo phaca cártaí bheith ar iomchar agam'. Ní dhearna sí annsin ach stríoca a tharraingt ar an tráigh le cána a bhí in a láimh, agus rinne sí bord. Tharraing sí stríoca eile ag gach aon cheann dhe, agus rinne sí péire cathaoireacha. Chuir sí lámh in a póca agus tharraing sí aníos paca cártaí.
Dubhairt sí le Fionn suidhe isteach nó go n-imireochaidís cluiche. Bhuaidh Fionn an chéad chluiche. 'Tabhair do bhreith a Fhinn', a deir an t-seanbhean. 'Beidh mé luath go leor, nuair a imireochas muis cluiche eile', d'fhreagair sé. Bhuaidh an t-sean bhean an darna cluiche. 'Cuirim-se de bhreith ort a deir sí gan stopadh ná cómhnaidhe a dhéanamh nó go dtuga tú chugam cloigeann Rí na Binne Bogaige'.
'Cuirim-se de bhreith ort-sa a deir Fionn a dul ar stuaic an teampaill sin thall, punann tuighe a bheith ar bhinn de, pota uisge a bheith ar an mbinn eile, snáthad mór a bheith in do ghlaic, agus gan de bhiadh ná de dheoch a thabhairt nó go dtaga mise ar ais ach an méid a gheobhfas tú as an bpunann tuighe agus as an bpota uisge trí cró na snáthaide móire'. A! tóg diom an geasa, agus tógfaidh mise dhíot-sa é a deir an t-sean bhean. 'Deamhan a thógfad' a deir Fionn,(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Address
- An Coillín, Co. Galway
- Informant
- Tomás Mac an Iomaire
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Coillín, Co. Galway