School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 402
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó, bhí beirt bhuachaillí ann, agus Murchadha agus Meannachair na hainmneacha a bhí orra. Lá amhain chuadar ag baint sméara. Nuair a bhí lán channa bainte ag Murchadha dubhairt sé le Meannachair aire a thabhairt dóibh go dtiocfadh sé féin ar ais le canna eile, ach ní mar sin a rinne Meannachair, d'ith sé gach ceann aca. Nuair a tháinig Murchadha ar ais bhí fearg an domhain air, agus chuaidh sé ag iarraidh slat chun Meannachair a bhualadh. 'Céard atá uait anois,' a deir an t-slat? 'Tá mé ag iarraidh slat, a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Meannachair, a d'ól mo chuid subh chraobh'. 'Ní bhfaigheadh tú mé' a deir an t-slat gan tuagh a bhainfeas mé'.
Chuaidh sé go dtí an tuagh. 'Cá bhfuil do thriall?' a deir an tuagh. 'Tá mé ag iarraidh tuagh a bhainfeadh slat, slat a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh'. 'Ní bhfuighe tú mise' a deir an tuagh gan chloch a ghéarochas mé'. chuaidh sé chuig an chloch. 'Cá bhfuil tú ag dul indiu?' a deir an chloch. 'Tá mé ag iarraidh cloch, cloch a ghéaróchas tuagh, tuagh a ghearrfas slat, slat a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh.' 'Ní bhfuighe tú mé' a deir an chloch gan uisge a fhliuchfas mé. Chuaidh sé go dtí an uisce. 'Céard atá uait?' a deir an t-uisge. 'Uisge a fhliuchfas cloch, cloch a ghéaróchadh tuagh, tuagh a ghearrfas slat, slat a dhéanfas gad, gad a bhuailfeas Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh '. ''Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an t-uisge gan chon a snámhfas mé'. Chuaidh sé go dtí an cú. Tá mé ag iarraidh con, cú a snámhfasuisge, uisge a d'fhliuchfad cloch, cloch a ghéarócadh tuagh, tuagh a ghearrfadh slat,(continues on next page)- Collector
- Bairbre Ní Liodáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway