School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 433

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 433

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 433
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Garraidhe an Bhóthair: Tugtar Garraidhe an Bhóthair air mar gheall sé is goire don bhóthar.
    Garraidhe an Coinnleach: Tugtar Garraidhe an Coinnleach air mar bionn arbhar ag fás go minic ann.
    An Mhálainn: Tá an Mhálainn ar thaobh an chnoic agus tá a lán ardáin ann ag dul isteach is amach agus sin é an fáth a dtugtar an Mhálainn air.
    Na Beanna Beola: Tugtar na Beanna Beola mar ainm air mar gheall bhí fear 'na chómhnuidhe ann agus sé an t-ainm a bhí air Beola agus bhí a lan cnuic aige ar a dtugtar beanna, dhá cheann déag ar fad agus nuair a fuair sé bás tugadh Beanna Beola ar na cnuic 'na dhiaidh.
    Clochar na Caróige: Tugtar Clochar na Caróige mar ainm air mar bhíodh a lán caróigí le feiceáil ann agus freisin tá a lan taibhsí le feiceáil ann.
    Clochar na Sgídhe: Tugtar Clochar na Sgíthe mar ainm air mar nuair a bhíodh ualach trom ag na daoine leigidís sgíth ann agus sin é an fáth a dtugtar Clochar na Sgíthe mar ainm air.
    Gaillimh: Tugadh Gaillimh air mar bhí fear ann agus bhí inghean aige agus sé an t-ainm a bhí uirthi Gaillimh agus báthadh in abhainn an Choirib í agus tugadh Gaillimh 'na diaidh ar an áit.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Coillín, Co. Galway
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway