School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an t-ainm atá ag muinntir na h-áite seo ar an leipreachán ná lutharagán. Deireann lucht an tseanchais gur feairín beag é agus gan aon aoirde mór ann. Deirtear go mbíonn sé gléasta le bríste dearg agus go gcómhnuigheann sé in áit uaigneach. Sé an obair a bhíonn ar siúl aige de ghnáth ná ag gréasuidheacht agus ag déanamh cuimse bróg do na daoine maithe. Saghas sidheog é agus dá bhfeiceadh duine é agus annsin iompódh thart ní bhfuigheadh sé amharc arís air, mar bíonn sé imthighthe le h-iompodh do bhoise.
Deireann na sean-daoine go bhfuil sparán ag an leipreachán agus é lán d'airgead i gcómhnaidhe. Dá n-éirigheadh le duine an sparán seo d'fhághail bheadh scilling ann gach uair a d'osclochadh sé é, agus bheadh an duine sin saidhbhear go deo.
Bhí bean agus fear amuigh lá amháin ar thóir an leipreacháin . Lá Bealtaine a bhí ann, mar sin an lá is coitiannta a bhíonn sé le feiceáil. rug siad air i measg na sléibhte agus dubhairt siad leis, 'Is fada an lá ar do thóir muid, ach tá tú againn sa deire'. Chroch siad leo é agus sé an áit a chuir siad é ná isteach i gcófra faoi ghlas. D'fhág siad ann é ar feadh seachtmhaine. Scaoil siad amach annsin é, ach is beag nach raibh sé caillte - bhí sé beagnach plúchta sa gcófra. Mar sin fein níor thug sé a sparan dóibh.
Sé an t-ainm atá ar an Murduach i seanchas m'áite ná An Maighdean Mara. Is leath éisg agus leath duine í. Corruair tagann sí aníos ar na carraigreacha agus ar an dtráigh(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Mac an Iomaire
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- An Coillín, Co. Galway