School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chéile. Ar deireadh sháth Seáinín an scian ínnte agus thuit an bhean ar an urlár agus í mar bheadh sí básuighthe. Badh gheárr go raibh an t-urlár lán le fuil agus bhín an íongantas ar na ceannuidhthe. "Crochfar thú mar gheáll ar sin" ar seisiadsan le Seáinín. "Ó is geárr a bheas mise d
a deanamh sin beó arís" arsa Seáinín ag dul siar sa seomra agus ag fagháil adharc mór. Chuir sé an adharc le na cluais agus dubhairt sé "bú bú a bhean an tighe bí do shuidhe go beó" agus ar an bpoinnte deirigh an bhean agus gan a dhath uirthe. "Anois" ars Seáinín "nach iongantach an cleas é sin". Muise is géar a theastócad a leath cheann sin d'adharc uaimse arsa duine de na ceannaidhthe mar bím féin agus mo bhean ag troid go minic. D'iarr siad an adharch ar Sheáinín annsin agus thug siad an oiread seo airgid dó air. Dímthigh leó annsin agus an athar ortha faoin adharc a bheith aca. Nuair a chuaidh duine aca abhaile badh geárr gur thosuigh a bhean air acht ní dhearna seisean acht an scian a sháith ínnte agus thuit sí básuighthe. Rug seisean ar an adharc agus chur sé le an cluais é agus dubhairt sé "bú bú a bhean an tighe bí do shuidhe go beó" acht níor chorruigh sise. Bhí a fhios aige san ar deireadh go raibh sí básuighthe agus bhí an olc air agus bhí sé le dul agus Seáinín a bháthadh an uair seo. D'imthigh sé féin agus an ceannuidhe eile annsin go dtí theach Sheáinín acht ní raibh sé istigh rómpa. Bhí cleas eile ceaptha ag Seáinín an(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhioráin
- Gender
- Female
- Address
- Sruthán, Co. Galway
- Informant
- Seáin Uí Thuathail
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Creig an Chéirín, Co. Galway