School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an leasú idir an dhá borúgha. Tá trí cindál cuir a déantar ar fhataibh san ait seo go h-ionndual (1) cur lé na cois sé sin na sciolláin a scaradh ar an leasú ar an iomaire agus iad a chlúdú leis an bhfód as an gclais, (2) cur bréagach sé sin na h-iomaracha a chlúdú isteach ar dtús agus iad a fhágáil mar sin go ceann cúpla seachtmhain bhfhéidir annsing na sgiolláin do sháthadh ann. Déantar an cineál seo cuir go luath sa mbliadhain nuair a bheadh faitchíos ar dhuine go lobhfadh na síolta dhá gcuirtí sa talamh ró luath iad (3) fataí sáithte - i dtalamh luirg a cuirtear na fataí mar seo. tógtar or ar chorr an iomaire a bhí ann an bhliadhain roimhe sin agus deantar an iomaire idir caon dhá orr annsin. Leagtar na sgiolláin in asgallaibh a chéile agus sáidhtear sa talamh iad lé bior iarainn nó sórt líobhán. Deantar é seo de píosa de shean spáid a chaoluightear agus sáidhtear isteach in adharc beithidhigh é lé sórt láimhe a dheanamh. Trí troigh is ionndual a bhíonns i léithead an iomaire. I ngarraidhe 'na bhfuil bruach na n'iomaracaí ón mbliadhain roimhe lé feiceál go soiléar níl aon lé dorúgha lé na h-iomaraca a tharraingt díreach. Déantar na h-iomaracha a thomhais go minic leis an spáid ó chorr an ghímseáin go dtí bárr an fheic. Sa gcur sáidhte scartar an leasú ar an iomaire tamall maith tharéis na fataí a sáthadh go(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Dhioráin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Sruthán, Co. Galway