Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- Clifden, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 391
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cáillín Naomhtha.Tá tobar Naoimh Cáillín in Iorros Mhór - ar an mbealach go Ceann Léime. Tugtar turas ann gach bliadhain ar an 13adh Mí na Samhna.
Lá turais amháin, tháinic fear bocht bacach ann agus dhá mhaide croise aige. Ní raibh sé in ann ach thar an gclaidhe isteach ag an tobar. Glaodh sé ar an Naomh annsan de glór árd solas glan:
"A Cháillín, a Cháillín, a mhic Ríogh Laighean Tá mé 'mo cláiríneach 's ní treasnóchaidh mé a coidhche é."
Ar an bhpoinnte ar labhair sé, d'imthigh an bhacaighíl de, chaith sé uaidh na maidí croise 's chuaidh sé thar an mballa de léim. Bhí sé chomh slán le fear ar bith annsin. Thug sé buidheachas mór do Naomh Cáillín 's d'imthigh abhaile an lá d'ár gcionn ag rith 's ag léimrigh.
Oileán Lacan an t ainm ar an áit in a raibh cill Naomh Caillín. Tá fothracha na cille seo le feiceál go foill. Tá tobar naomhtha i ngár dí freisin. Chífeá é ar árdán i lár coiche. Deirtear go mbíonn uisge ann i gcomhnuidhe, agus nac laghadann sé beag ná mór i rith na bliadna.