School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 414
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- XML Page 414
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí righ ann fadó agus cheap sé beart lé daoine leisgeamhla a dhéanamh broideamhail agus fonn oibre a chur orra, mar bhí iomarca de'n dream sin ina ríoghacht air. Seo é mar do rinne sé . agus, rinne sé príosúin agus go leor seomhraí ann agus gan ach áit fir amháin i gach aon ceann acu. Bhí sruth uisge a'rith isteach i gach aon ceann acu ach ní raibh aon bhealach amach aige agus mara gcoinnigheadh an príosúnach an t-uisge taosgtha bháithfí é agus ní raibh fear a truaighe le fághail. Bhí caidéal socruighthe san mballa i ngach aon tseomra le h-aghaidh na h-ocáide agus láoi nó stoc as le'n oibriú. Bhíodh an méid uisge a léigfí iseach i gac seomra tomhaiste de réir aois agus sláinte an phríosúnaigh. Chuir i gcás, dá mbeadh fear aosta ann nó fear a mbeadh croiligheact air ní geobhadh sé an oiread lé taosgadh lé bromachán d'fhear óg láidir ac d'fhághadh na fir óga a ndothain le déanamh lé na gconneál ón díomhaoineas. D'fhághadh siad neart de thogha an bidh lé n'ithe ach is ar éigin a bhíodh ionbhadh acu é ithe mar bbíodh an tuile ag éirigh orru i gcomhnuidhe agus níor mhór a caideál a oibriú le na thaosgadh amach.
Níorbh'fhéidir aon fhaillighe a leigean san gcaideal seacas rud ar bith mar nach raibh aon cosaint eile ar an mbáthadh acu.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Giobúin
- Gender
- Female
- Address
- Clifden, Co. Galway