School: Doire Mór Iata (roll number 16599)
- Location:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Teacher: Hannraoi Ó Coinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Mór Iata
- XML Page 186
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean agus triúr mac ann fadó an mac ba sine aca dúbhairt sé go ngabhfadh sé ag saothrughadh a bheatha. Dúbhairt an mac leis an tsean bhean cáca beag agus cáca mór a dheanadh.
Rinne sí an cáca beag agus an cáca mór dhó agus nuair a bhíodar bácailte d'fiarrfuigh sí de cé aca de na cácai a thógfadh sé. Dubhairt sé go dtógfadh sé an cáca mór agus a mhallacht. Thóg sé an cáca mór agus cuir sé i-na mhála é agus bhí a mháthair ag caitheadh mallachtaí ar nó gur imthigh sé as a amharc. Dimthigh sé leis go dtáinig sé go tobar agus shuidhe sé síos thosuigh sé ag ithe an cáca. Tháinig easogín amach chuige agus d'fiarr sí píosa den cháca ar . Dúbhairt sé leí go raibh sé sáthach gann aige fein. Nuair a chonnaic sí é sin léím sí isteach san uisge agus shaluigh sí an t-uisge. Dimthigh an buachaill leis go dtáinig sé go dtí teach. Ní raibh aon duine istigh san teach acht bhí pota crochta ós cionn na teineadh agus é lán de fheóil. Ní raibh an buachaill í bhfad istigh nó go dtáinig bean isteach agus dubhairt sí leis an(continues on next page)- Informant
- Seán Seoige Padraich
- Gender
- Male
- Address
- Doire Bhéal an Mháma, Co. Galway