School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 599
- XML “An Leasmháthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreach ann uair agus bhí ingean agus mac aige.
Ní rabhadar acht trí nó ceathair de bhliadhanta nuair a fuair an mháthair bás agus ní raibh sé aon achar in-a dhiaidh sin nuair a cailleadh an mac freisin.
Bhí truagh ag an athair do'n ingean nuair a bhíodh sí léi féin nuair a théigheadh seisean ag fiadhach agus phós sé bean eile.
Ba baintreach a bhí innte seo freisin, agus bhí ingean aici féin.
Bhí an inghean seo an-phostamhail agus ní raibh falach éadaigh fágtha ag an gcailín eile aici.
Bhí éad uirthí freisin nuair a chloisfeadh sí strainséarí 'ghá moladh agus bhíodh sí ag iarraidh ar a máthair í do chur chum báis.
Dúbhairt an mháthair nach bhféadfaidis mar go bhfuigheadh an t-athair amach é ach go(continues on next page)