School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)
- Location:
- Shanballard, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean Bhaile Árd
- XML Page 242
- XML “Tobar Geal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an tobar seo suidhte i bhfeilm Pádraig Ó Reachtaire i mbaile fearann Cill Amháin. Tá an uisge go breágh fuar agus bíonn sé go geal glan i gcomhnuidhe. Tugann sé uisge sa samhradh chómh maith le am ar bith eile agus téigheann muintear na h-áite le h-agaidh uisge ann nuair a bhíos na tobracha eile tirm. Tá sgéal aisteach imeasg na ndaoine faoi'n tobar seo. Seo é an sgéal a d'innis sean-fear a chomhnuidhe san áit.
Oidhche amháin bhí beirt fhear ag teacht áit eicínt agus bhí guna ag duine aca. Nuair a bhí siad ag siubhal thar an tobar seo chonnaiceadar bean in a seasamh ar bhárr an bhalla a bhfuil taobh amuigh de'n tobar agus í gléasta in éadaigh bán. Dubhairt duine aca gurabh í an bean-sidhe a bhí ann agus do leig an duine eile urchar leithe agus thuit sí síos ar an talamh. Dimthigh na fir ar a bhealach abhaile acht tar éis tamaill bhig chuala siad duine ag teacht in a ndiaidh. D'féach siad in a ndiaidh agu cé bheadh ann ach an bean-sidhe. De rinne sí ar an bhfear a raibh an guna aige agus thosuigh 'gá mbuaileadh. Dubhairt an fear eile leithe seans a thabhairt do'n fhear an t-am seo agus gan é a mharbú agus d'imthigh sí as amharc. D'imthigh na fir abhaile agus chuaidh ina gcodlad.I lár na h-oidhche timcheall do-dhéag a chlog do dhuisigheadh an fear a chaith an urchar agus tharraingheadh na h-éadaigh on(?) a leabaidh trí uaire in dhiaidh a chéile. Is annsin a chonnaic sé gurab í an bean-sidhe a bhí 'ghá dhéanamh ach sul a raibh an tam aige sgread a leigint as rug sí greim air le'n a lámha fuara agus tharraing an creacann ó'n a cheann agus do mharbh sí é. Fuair duine eicínt in a leabaidh é ar maidin agus an creacann réabuighthe o'n a cheann.