School: Kilmore (roll number 13010)

Location:
Kilmore, Co. Leitrim
Teacher:
Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0204, Page 317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0204, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilmore
  2. XML Page 317
  3. XML “Oíche Nollag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tighthibh ag muinntir an tighe féin, mar is gnáth le gach éinne bheith 'sa bhaile ins thigh féin an lá san. Leanann féile na Nodlag go dtí taréis Nodlag na mBan.

    An lá indiaidh lae Nodlag is é Lá 'le Stiopháin. Sé sin nós a cleachtann buachaillí na tuaithe. " Buachaillí an Droilín " tugtar ar sgata garsún a théigheas timpeal an lá sin ó thigh go tigh. Cuireann siad aighthe-fidil ortha féin agus éadaigh éagsamhla. Bhíonn gléiseanna ceoil aca agus théigheann siad timcheall an bhaile ó thigh go tigh. Déineann siad dreas ceoil agus babhta rinnce ins gach tigh agus tugann muintear an tighe airgead dóibh. Ceannuigheann siad biadh agus deoch leis an airgead agus bíonn fleadh agus siamsa acu san oidhche.

    San am fadó do chuireadh buachaillí an dreolín an dreolín ar chraobh chuilinn agus nuair nach mbíodh airgead le fagháil i dteach chaitheadh siad an dreolín isteach san gcistín, chun feirge do cuir an mhuintir an tighe ná cuireadh fé leach an dorais é agus abhrán a bhíodh aca:-

    Dreólín a fhuaras-sa thíos ar an inse
    Fé bhrághaid charraige agus carabhat síoda air;
    Thugas-sa chughaibh é, a lánamha an tighe seo,
    Agus go mba seacht bhfearr um an dtaca so arís sibh.

    Brighidh Corristine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Language
    Irish
    Collector
    Brigid Corristine
    Gender
    Female
    Address
    Killadiskert, Co. Leitrim
    Informant
    Brigid Corristine
    Gender
    Female
    Address
    Killadiskert, Co. Leitrim