School: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Séadhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- XML Page 156
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an gcailín gur gearr go ndeacaidh cuimhne an fhir mhóir leis an gCaisleán as a mheabhar. Go deimhin badh cuma léithe teach mór nó teach beag a bhí aige nuair a thuit sí i bfíor grádh leis an londubh.
Bhí an beirt aca chómh cruadhógach i gcainnt is i gcómhrádh ar an mbealach abhaile 'gus beag áird do bhí aca cá raibh an sean láir ag imtheacht agus sul a bhí fhios aca bhí sí seasta ag cocha féir do bhí leath taobh an bhóthair. Ní luaithe a shrois an láir an cocha féir na thug sí léim san aer agus leig sí trí gnúsa astí go h-obann mar in a luighe le hais an cocha bhí fear sínte amach ar nós corpán.
Bhí a chuid éadaighe stróchtha agus é clúiduighthe le salachar, bhí a shrón cómh mór is cómh dearg le h-ubhall agus bhí a shúilibh chómh dubh le tóin a'phota. Sé'n Cráidhteachán a bhí ann. Ní luaithe a chonnaic an cailín beag é na gur chas sí a suilibh ar an londubh agus ag tuitim anuas ar a glúnaibh thug sí buidheachas do Dhia agus Naof Pádhraich nár cuireadh an Cráidhteachán in a bealach mar fear céile(continues on next page)- Collector
- Máirtín Mac an Bháird
- Gender
- Male
- Address
- Patch, Co. Galway
- Informant
- Labhras Ó Maolciarán
- Gender
- Male
- Address
- Lisheennaheltia, Co. Galway