School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 024
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tháinig clanna Gloinn idir Béal Átha na Sluaigh agus Liatrom.”
24Tháinig clanna Floinn idir Béal Átha na Sluagh agus Liathdrom. Bhí cúigear druitháir ann sa mbliadhain 1680. Bhí said ar thaobh Séamus at Áth Luain agus ag Éachdhruim. Bhí orra dul siar, agus chuir siad i bPaiste. Bhí Ó Mainín agus Ó Brádaig, agus clann Ó Ciarán ann. Bhí droch-talamh i Leitra. Bhí ar ceann de na dreamanna sin dul annsin. Bhí go leór daoine i ngach dream acht i ndream acht i ndream an Floinn, mar ní raibh acht cúigear fear ins an dream sin. Bhí ar dhream An Floinn dul go Leitra, mar bhí na dreamanna eile go leisgeamhail, agus dá dtéigheadh siad go Leitra, bheadh orra obair go dian, cun biadh a fháil a fhághail ón talamh.Ar dtús rinneadar tighthe dóibh féin agus céachta leis an talamh a threbhadh. Ceannuigh siad cloch de prataí ó Floinn eile a bhí ina choinnuidhe i mo theach i nGleannamada, sé sin an fear a thug prataí dóibh cúpla bliadhain roimhe.
Ar feadh an Droch-shaoghail ní raibh prataí in Éireann acht i Leatra.(continues on next page)- Collector
- Gearóid De Grás
- Gender
- Male
- Address
- Glennamaddy, Co. Galway
- Informant
- Séamus Mac Gloinn
- Gender
- Male
- Address
- Lettera, Co. Galway