School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 132
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmhidhthe na Feilime
Coiméadtar a lán ainmhidhthe ar an
bhfeilm fé láthair na h-uaire ach níl an
méid ann is a raibh ann fadó. Bhí suas le
cúireadh ainmhidhthe ag gach feilméar fadó.
Bhíodh capaill, ba, laoigh, caoirigh, agus
tabhair ag gach feilmear.
Is ó'n nghabhar is mó a bhfuigheadh
siad a gcuid bainne. Bhí an talamh go
dona an t-am sin agus bhíod na ba go
tanaidhe agus mar gheall air sin ní raibh
mórán bhainne aca.
San am sin bhíodh na caoraí
amuigh san bpáirc i gcomhnuidhe agus
bhíod na ba amuigh ar feadh an lae agus
istigh san gcró i rith na h-oidhche. Bhíodh
crúb capaill ar crochadh istigh san gcró
an fhaid is bhíodh na ba istigh ann, cún
an t-ádh a choiméad ortha. Is í bean an tighe
a bíodh ag bleaghan na mbó, agus dá
mbeadh gúna dearg uirthí, bheadh uirthí
é a bhaint dí sul a rachadh sí isteach
san gcró, mar deirtear nach bhfuil an
t-ádh ar aon rud dearg.
Dá mbeadh ceann dearg uirthí
ní leigtí isteach san gcró í ar chor ar(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dhubhghaill
- Gender
- Female
- Address
- Curraghmulmurry, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Mhí
- Gender
- Male
- Address
- Bushtown, Co. Galway