School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aon oidhche amháin nuair do bhí na fir in-a gcodhladh tháinig na sidheóga agus thóg siad an capall leó. Nuair do dhúisig na fir ar maidin bhí iongadh an domhain artha agus chuaidh siad go dhún na sidheóg. Chuala siad iad ag cainnt i dtaobh an capaill. Dubhairt ceann aca go mbeadh siad indon an capall a fhághail dá leagadh siad an stábla.
Chuaidh siad abhaile agus leag siad an stábla, agus gach oidhche 'na dhiaidh chloisidís an capall ag siubhal síos suas na sráide agus nuair do theigheadh siad amach ní raibh sé le feiceáil.
Tá daoine ann agus ní thugann siad bainne do dhuine eile Dia luain ná Dia Céadaoin. Nuair a bhíonn bó óg ag duine cuireann sé snáithín dearg ar ruball na bó, ar eagla go bgoidfeadh na sidheóga an bhó. Ins an t-sean-aimsir bhíodh na sidheóga ag goid na mbó, más fíor do na sean-daoine.
Bhí sean-bhean ann fadó agus(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhómhnalláin
- Gender
- Female
- Address
- Loughpark, Co. Galway
- Informant
- Brighid Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Loughpark, Co. Galway