School: Leath-bhaile
- Location:
- Levally, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Maoldhomhnaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 245
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leath-bhaile
- XML Page 245
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn oidhche Shamhna againn an t-aonmhadh lá déag is fiche de dheireadh foghmhair. Bíonn spóirt ag an aos óg an oidhchesin ag imirt cleasanna. Seo cleas a imrightear. Líontar báisín le uisge agus cuirtear ubhall síos ann. Deanann gach páiste iarracht breith air le n-a bhéal gan lámh a leagan air. Má eirigheann le aoinne sin a dheanamh bíonn an t-ubhall aige dhó féin mar duais. Seo mar a imrightear cleas eile, fágtar trí fó-chupáin ar an mbord agus cuirtear uisge glan i gceann acu, uisge salach i gceann eile agus fágtar an ceann eile falamh. Cuirtear dallamullóg ar dhuine ansin agus iarrtar air a lámh a chur i gceann de na fó-chupáin. Má chuireann sé a lámh sa gceann in a bhfuil an t-uisge glan beidh céile maith aige. Má chuireann sé a lámh sa gceann in a bhfuil an t-uisge salach gheobhfaidh sé droch-chéile, agus má’s sa gceann a bhfuil falamh ní pósfar é ar chor ar bith i rith na bliadna. Bhí na cleasa seo ag na sean-daoine nuair a bhíodar óg. Dheanfadh gach clann cathal oidhche Shamhna, sé sin dheanfadh siad fataí a phíleáil agus a mbruith agus iad a mbrughadh le bata. D’íosfadh siad na fataí bruighte le im agus bainne. An t-é nach mbeadh im ná bainne aige thuibhradh an t-é a mbeadh im agus bainne aige chuid dhe do’n duine a mbeadh falamh. Ní íosfadh siad aon scitheóirí ó oidhche Shamhna(continues on next page)
- Collector
- Domhall Pléamonn
- Gender
- Male
- Address
- Cortoon, Co. Galway
- Informant
- Domhnall Pléamonn
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 80