Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)
- Suíomh:
- Baunmore, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Mainnín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 009
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bán Mór
- XML Leathanach 009
- XML “Scéal ar Phota Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear de na Ó'Concubhair ina comhnuidhe, bparáiste Anach Cúan, lios and Oráinn. Thainig neach ag an bfuinneóg san oidhche agus é ina codhladh. Dubhairt sé (an beach) leis dá dtreighead sé amach go Condae an Chláir, bí droichead ann agus gheobfad sé pota óir ó fear annsin ar an droichead.
Nuair a deirigh sé ar maidin bhí sé dáinnseacht dá bhean.
Ní raibh fhios aige an ag briongloid a bhí sé no an fear a bhí ag cainnt leis, ach ar son nós d'imigh sé amach go Condae an Chláir. Bhí sé amuigh ann annsin le cotaraí an trathnona. Bhí sé amuigh ag suibhal siar is aniar leis an droichead go raibh sé deireanach. Ní fhaca sé an fear ann.
Bhí teach ag tailluir in aice an droichid. Bhí an taillúir ag feachaint ar an bfear ag suibhal. Chuaidh sé amach. D'iarraidh sé de'n fear ceard a bhí sé a déanamh ann. "Bhí mé ag briongloidigh aréir" a deir an fear "dá dteighfinn amach annseo go bfuighfinn pota óir". "Go bfeachaid dia ort" a deir an tailluír. Tá mise ag brionglóidigh le blian dá dteighfinn go Anach Chuan go bhfuighfinn pota óir faoi sgeach i mbaile a dtugann siad lios an Orainn air istigh i ngort fear de na Ó'Conchubhair. Chuaigh an fear isteach in éinfeachtleis an tailluír. D'fhan sé annsin go maidin. Tháinig sé abhaile ar maidin. Bhí sé sa mbaile sa trathnona agus bhí sé ag innseacht dá bhean faoi na rudaí a tharla. Nuair a deirigh sé ar maidin chuaidh sé amach sa ngarrdha ag romhar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál de Faoite
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Aucloggeen, Co. Galway